Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge Dail Éireann — 2023-02-21 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Maidir le cúrsaí CATT, is léir go bhfuil go leor dul chun cinn déanta agus idirbheartaíocht maidir le prótacal Thuaisceart Éireann faoi láthair. Tá mé féin agus gach Teachta sa Teach dóchasach go mbunófar an Feidhmeannas in athuair de bharr na gcainteanna seo agus go mbeidh cruinniú don CATT chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin. Idir an dá linn, tá sé ar intinn agam cuairt a thabhairt ar an Tuaisceart, mar a dúirt mé leis an Teachta, chomh luath agus is féidir chun léargas a fháil ar an obair atá déanta go dtí seo ag an bhForas Teanga agus na grúpaí pobail ar son na Gaeilge agus ar son na hUltaise go deimhin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-02-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:36+00:00 Sitting date: 2023-02-21