Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge Dail Éireann — 2023-02-21 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Is maith an rud é go bhfuil sé fógartha ag an Aire Stáit go mbeidh cúpla turas aige, nó ar a laghad turas amháin go luath, ó Thuaidh chun gur féidir leis aitheantas a thabhairt do na heagraíochtaí agus grúpaí atá ag obair ó thaobh na Gaeilge. Idir an dá linn, caithfimid déanamh cinnte de go bhfuil bealach éigin inar féidir linn cuidiú leis na ceanneagraíochtaí má tá boilsciú ag tarlú sa buiséad acu. Ní hé an buiséad ach an méid atá á chaitheamh acu ar ghnáthleictreachas, cúrsaí foirne agus a leithéid. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-02-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:36+00:00 Sitting date: 2023-02-21