Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge Dail Éireann — 2023-02-21 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Tá bealach againn maidir leis na fadhbanna atá sa CATT. Chomh maith leis na rudaí atá ráite agam go dtí seo, tá suas le €580,000 ar fáil do Chonradh na Gaeilge chun feachtas gluaiseacht a reáchtáil le dhá bhliain anuas leis an aidhm daoine óga a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid agus eolas a thabhairt dóibh faoi dheiseanna fostaíochta leis an teanga san Eoraip agus anseo in Éirinn, rud a bhfuil an-tábhachtach don Teachta. Ina dhiaidh sin, tá maoiniú de €325,000 ceadaithe don togra Baile Átha Cliath le Gaeilge de chuid Chonradh na Gaeilge don tréimhse 2021 go 2024. Chomh maith leis sin, tá €290,000 eile curtha ar fáil d'Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonnacha agus don scéim teanga tí atá á reáchtáil ag na ceanneagraíochtaí Glór na nGael agus Gaeloideachas Teoranta. Beidh mé in ann na sonraí maidir leis sin a sheoladh chuig an Teachta tar éis na gceisteanna. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-02-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:36+00:00 Sitting date: 2023-02-21