Gníomhú ar son na hAeráide Dail Éireann — 2023-02-21 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tá curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil sé ag ullmhú plean gníomhaíochta don aeráid i láthair na huaire don Ghaeltacht trí chéile agus don eagraíocht féin. Is é an rud a bheidh i gceist leis an bplean seo, dár dteideal An Ghaeltacht Ghlas, ná gníomhaíochtaí a bhaineann le cúrsaí aeráide ó thaobh forbartha pobail sa Ghaeltacht, ó thaobh chliantchomhlachtaí an údaráis agus ó thaobh an údaráis féin mar eagraíocht. Ó fógraíodh An Ghaeltacht Ghlas mar chuid de straitéis Údarás na Gaeltachta 2021-26, tuairiscítear go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh. Tá tús curtha ag an údarás le forbairtí fótavoltacha pobail i nGaoth Dobhair, ar An gCeathrú Rua agus ar pháirceanna gnó na heagraíochta. Tá béim níos mó á cur in 2023 ar thacaíochtaí do chliantchomhlachtaí Gaeltachta chun céimeanna a thógáil ó thaobh cúrsaí fuinnimh in-athnuaite agus gníomhaíochtaí athraithe aeráide de. Tá ráite ag an údarás go leanfar freisin ag tacú le Calafort Ros an Mhíl i nGaeltacht na Gaillimhe a fhorbairt mar láthair straitéiseach chun freastal ar earnáil an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta. Aithníonn an t-údarás go bhféadfadh Calafort Ros an Mhíl a bheith ina acmhainn luachmhar don Stát agus foinsí fuinnimh in-athnuaite á bhforbairt san Atlantach ar bhonn eischósta. Anuas air sin, tá athbhreithniú á dhéanamh ag an údarás ar a stoc maoine chun an stoc sin a thabhairt suas chun caighdeáin i dtaobh ghnóthaí fuinnimh agus chun pointí luchtaithe do charranna leictreacha á gcur in áit ar pháirceanna gnó de chuid na heagraíochta. Tá tograí bithéagsúlachta agus bitheacnamaíochta á mbeartú ag an údarás chomh maith i gcomhar le heagrais forbartha pobail i gceantair éagsúla Gaeltachta, in éindí le bheith rannpháirteach i dtograí éagsúla a bhaineann leis an gclár dar teideal LIFE de chuid an Aontais Eorpaigh. Críochnóidh mé an freagra i gceann tamaillín. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-02-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:36+00:00 Sitting date: 2023-02-21