Gníomhú ar son na hAeráide Dail Éireann — 2023-02-21 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Is ar an údarás atá an fhreagracht maidir leis na ceisteanna sin. Tá an t-údarás i mbun athbhreithniú a dhéanamh ar a chuid maoine chun caighdeáin éifeachtacha a chinntiú. Tá sé curtha in iúl ag an eagraíocht freisin go bhfuil sé ag ullmhú plean gníomhaíochta don aeráid i láthair na huaire don Ghaeltacht trí chéile, na hoileáin Ghaeltachta san áireamh, agus don eagraíocht féin. Is é an rud a bheidh i gceist leis an bplean seo, dár dteideal An Ghaeltacht Ghlas, mar a dúirt mé, ná gníomhaíochtaí a bhaineann le cúrsaí aeráide ó thaobh forbairtí pobail ar na hoileáin agus sna Gaeltachtaí ar fad agus ó thaobh chliantchomhlachtaí an údaráis. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-02-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:36+00:00 Sitting date: 2023-02-21