Gníomhú ar son na hAeráide Dail Éireann — 2023-02-21 ============================================================ Marc Ó Cathasaigh (GP), Waterford Is cinnte go bhfuil ról faoi leith ag Údarás na Gaeltachta ó thaobh na ndúshlán seo ach ní féidir linn a bheith siloed laistigh de na Ranna éagsúla. Bheadh sé oiriúnach dúinn labhairt leis an Aire, an Teachta Eamon Ryan, agus a rá leis go bhfuil sé níos costasaí a leithéid d'iarfheistiú a dhéanamh ar na hoileáin agus go bhfuil sé níos dúshlánaí seirbhísí iompair phoiblí a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta toisc go bhfuil an tithíocht atá ann scaipthe. Caithfimid níos mó infheistíochta a dhéanamh sna seirbhísí sin sna ceantair. Dúirt mé go bhfuil eiseamláir mhaith againn i nGaeltacht na nDéise. Caithfimid an sórt infheistíochta sin a dhéanamh i gCiarraí, i nGaillimh, i nDún na nGall agus i ngach uile áit a bhfuil Gaeltacht ann. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-02-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:36+00:00 Sitting date: 2023-02-21