Gníomhú ar son na hAeráide Dail Éireann — 2023-02-21 ============================================================ Mairéad Farrell (SF), Galway West Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Cathasaigh as an ábhar seo a ardú. Tá rud amháin a chaithfidh mé a rá. Nuair atá mise ag déileáil leis na hoileáin agus cúrsaí tithíochta sna hoileáin, tá sé dochreidte cé chomh dona is atá sé faoi láthair, ach go háirithe i dtéarmaí cúrsaí pleanála. Is minic a fheicim ar na hoileáin go ndeirtear linn nach bhfuil daoine in ann pleanáil a fháil mar nach bhfuil nasc acu leis an áit, cé go bhfuil siad ina gcónaí ann an t-am ar fad agus ag obair ann. Tá fadhb mhór againn. Ansin tá na tithe folmha atá ar na hoileáin mar go bhfuil daoine ina gcónaí thar lear. Is leo na tithe seo agus níl na daoine áitiúla in ann teacht ar thithíocht. Is fadhb atá i gcúrsaí tithíochta ar na hoileáin freisin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-02-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:36+00:00 Sitting date: 2023-02-21