Seirbhísí Oileán Dail Éireann — 2023-02-21 ============================================================ Catherine Martin (GP), Dublin Rathdown Tá Slí an Atlantaigh Fhiáin ar cheann de na bealaí cósta sainithe is faide ar domhan, agus 2,600 ciliméadar ar fad inti. Téann sé síos an cósta thiar ó Leithinis Inis Eoghain sa tuaisceart go baile álainn Chionn tSáile, Contae Chorcaí, sa deisceart. Is earnáil eacnamaíoch ríthábhachtach í an turasóireacht go náisiúnta, agus cruthaíonn earnálacha an lóistín agus an fháilteachais an-chuid fostaíochta inár réigiúin. Go hindíreach, tacaíonn turasóireacht le príomhearnálacha seirbhíse lena n-áirítear miondíol, iompar agus táirgeoirí bia. Is earnáil í freisin ina soláthraítear tairbhí suntasacha sóisialta agus pobail, go háirithe i bhfianaise gur fiontair beaga iad formhór na ngnólachtaí turasóireachta atá fite fuaite i bpobail áitiúla. Nuair a luaitear Slí an Atlantaigh Fhiáin smaoiníonn daoine ar thírdhreacha iontacha, gníomhaíochta eachtraíochta agus oibreoirí turasóireachta fáilteacha agus tá sí i lár an aonaigh turasóireachta i margaí thar lear. Seoltar cuairteoirí feadh chósta Atlantach na hÉireann ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin chun na tírdhreacha éagsúla agus an cósta garbh a fheiceáil agus chun an t-eispéireas is fearr atá le tairiscint in iarthar na hÉireann a sholáthar dóibh. Tá go leor pointí fionnachtana uirthi, a léirítear le comharthaí a bhfuil lógó agus logainmneacha Shlí an Atlantaigh Fhiáin orthu. I measc an iliomad pointí fionnachtana, roghnaíodh 15 mar phointí fionnachtana aitheanta. Cruthaíonn na háiteanna seo íomhá chósta thiar iontach na hÉireann. In 2019, chuaigh Fáilte Éireann i dteagmháil le hOifig an Choimisinéara Teanga maidir le hathrú logainm phointe fionnachtana Shlí an Atlantaigh Fhiáin ó "Inis Mór" go "Árainn" i roinnt áiteanna i gConamara agus ar na hOileáin Arann. Tuigim gur shocraigh Oifig an Choimisinéara Teanga go n-athródh Fáilte Éireann an logainm ar phainéil Shlí an Atlantaigh Fhiáin ag pointí fionnachtana aon áit ina ndearnadh tagairt do "Inis Mór" go "Árainn". Chuir Fáilte Eireann an obair seo i gcrích ar na painéil go déanach in 2019. Tuigim freisin gur aontaíodh le hOifig an Choimisinéara Teanga, mar gheall ar an gcostas suntasach a bhaineann le hathsholáthar an chuaille féin ar Árainn, nach n-athrófar é seo ach amháin nuair a bheadh gá le hobair shuntasach athnuachana nó cothabhála. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-02-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:36+00:00 Sitting date: 2023-02-21