Seirbhísí Oileán Dail Éireann — 2023-02-21 ============================================================ Mairéad Farrell (SF), Galway West B’é an cheist ná an bhfuil an t-athrú sin chun tarlú i mbliana, fiú ar roinnt de na comharthaí. Tuigim an méid a tharla agus a raibh ráite ag an gCoimisinéir Teanga. Caithimid cuimhneamh go bhfuil go leor staire ag baint le logainmneacha agus go bhfuil tábhacht ollmhór ag baint leo. Sin an fáth gur ardaíodh an cheist seo liom agus leis an gCoimisinéir Teanga. An bhfuil a fhios ag an Aire cé mhéad comhartha atá i gceist anseo? An athrófar cuid de na comharthaí sin i mbliana? Fiú más rud é nach bhfuil ach cúpla ceann ann, an bhfuil an próiseas chun tosnú i mbliana? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-02-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:36+00:00 Sitting date: 2023-02-21