Seirbhísí Oileán Dail Éireann — 2023-02-21 ============================================================ Mairéad Farrell (SF), Galway West Beidh an obair ar bun i mbliana mar sin agus is rud maith é sin. Is féidir fáilte a chur roimhe sin. Mar a dúirt mé, tá tábhacht stairiúla ag baint le logainmneacha. Tá sé suimiúil do thurasóirí fiú é sin a thuiscint agus an t-eolas sin a bheith acu. Freisin, do dhaoine sa cheantar, léiríonn sé go bhfuil meas á thabhairt ar an nGaeltacht, ar Árainn agus ar na hoileáin nach iad. Is rud fíorthábhachtach é sin agus tá a fhios againn go raibh dualgas orthu é sin a dhéanamh. Is maith an rud é go mbeidh sé sin ag tarlú i mbliana agus tá súil agam an tAire agus an tAire Stáit a fheiceáil ar na hoileáin i mbliana. Tá súil agam an tAire Stáit, an Teachta O’Donovan, a fheiceáil ar na hoileáin Árainn, agus tá súil agam an tAire í féin a fheiceáil ann freisin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-02-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:36+00:00 Sitting date: 2023-02-21