Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2023-02-21 ============================================================ Marc Ó Cathasaigh (GP), Waterford Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as an bhfreagra sin. Ceann de na fáthanna a raibh daoine i bpobal na Gaeilge diongbháilte go bhfillfí ar thoghcháin d’Údarás na Gaeltachta ná chun guth an phobail sin a chur i gcroílár an phróisis cinnteoireachta inár gceantair Ghaeltachta agus do mhuintir na Gaeilge ar fud na cruinne agus ar fud na tíre. Leis sin, ní mór dúinn a chinntiú nach díreach réigiún tíreolaíochta atá i gceist leis an ionadaíocht seo ach go mbeadh dearcthaí éagsúla le cloisteáil ar an mbord agus eispéireas éagsúil freisin. Ba chóir go mbeadh máithreacha, seanaithreacha agus seanmháithreacha laistigh den phróiseas sin agus go mbeadh dearcthaí éagsúla ann. Dúirt an tAire Stáit go mbeadh deichniúr tofa. An mbeidh aon chuóta inscne ag baint leis an deichniúr sin nó leis an seisear atá le ceapadh ag an Aire? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-02-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:36+00:00 Sitting date: 2023-02-21