Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2023-02-21 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Cosúil leis na toghcháin áitiúla, toghcháin na Dála agus toghcháin na hEorpa, beidh cuóta inscne ar na páirtithe a ghlacfaidh páirt sa toghchán. Maidir leis an gcéad cheist a chur an Teachta, beidh an toghchán ar siúl in 2024. Maidir leis an méid a dúirt mé níos luaithe, tá duine den bheirt bhan atá ceaptha agam ceaptha mar chathaoirleach go dtí go mbeidh an chuid eile den bhord réidh le ceapadh tar éis an comórtas poiblí atá beo go dtí an 2 Márta. Faoin gcomórtas sin tá an deis ag an bpobal, idir mhná agus fir, a bheith san áireamh chun a bheith ceaptha ar an mbord. Tá súil agam go dtapóidh mná an deis agus an seans a bheith san áireamh chun a bheith ceaptha ar an mbord seo, agus, go deimhin, ar na boird a bheidh le ceapadh in am tráth nuair a thagann an reachtaíocht leasaithe i bhfeidhm. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-02-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:36+00:00 Sitting date: 2023-02-21