Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2023-02-21 ============================================================ Marc Ó Cathasaigh (GP), Waterford Aithním go bhfuil jab deacair le déanamh ag an Aire Stáit. Caithfidh sé a chinntiú go mbeidh guthanna éagsúla ó na ceantair éagsúla ar an mbord, ní hamháin ón nGaeltacht ollmhór sin i gContae na Gaillimhe ach fós féin na Gaeltachtaí beaga cosúil le Gaeltacht na nDéise atá againn i bPort Láirge. Leis sin, caithfimid a chinntiú freisin go bhfuil guthanna éagsúla ann ó thaobh an experience atá ag daoine sa saol agus go mbeadh cothromaíocht inscne ann freisin. Dúirt an tAire Stáit go mbeidh cothromaíocht inscne ann ó thaobh na n-iarrthóirí. Aithním é sin agus cuirim fáilte roimhe. Mar a dúirt mé, ní jab éasca atá le déanamh ag an Aire Stáit chun an balance cuí a fháil sa toghchán seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-02-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:36+00:00 Sitting date: 2023-02-21