Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2023-02-21 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tapóidh mé an deis seo, mar Chathaoirleach ar Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, chun a rá go bhfuil próiseas réamhreachtach ar siúl agus tá mé ag súil go dtabharfaidh an tAire Stáit tacaíocht dúinn sa mhéid atá á dhéanamh againn. I gceann cúpla seachtain beimid ag lorg aighneachtaí ón bpobal agus iad siúd a bhfuil spéis acu sna ceisteanna atá ardaithe ag an Teachta Ó Cathasaigh, sé sin, ceisteanna faoi inscne agus conas gur féidir linn déileáil leo sin ó thaobh na dtoghchán seo. Beidh sé deacair ach ní hamháin sin, tá ceisteanna eile gur chóir dúinn díriú isteach orthu sa chaoi gur féidir linn treoir nó smaointe a chur faoi bhráid na nAirí agus iad ag cur na reachtaíochta le chéile ina iomláine. Má tá daoine ag éisteacht leis an gcomhrá seo nó á léamh, tá súil agam go dtabharfaidh siad tacaíocht dúinn agus go gcuirfidh siad a dtuairimí os ár gcomhair sa chaoi gur féidir linn é seo a phlé. Tá sé i gceist ag an gcoiste déileáil leis seo chomh tapa agus is féidir in Aibreán sa chaoi go mbeidh an seans ag an Aire Stáit an reachtaíocht a rith agus sa chaoi go mbeidh an toghchán againn an bhliain seo chugainn. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-02-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:36+00:00 Sitting date: 2023-02-21