Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2023-02-21 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Tá mé buíoch de na Teachtaí. Mar a dúirt mé cheana féin, beidh deis againn nuair atá mé ós comhair an choiste an rud sin a phlé. An rud is tábhachtaí ná go mbeadh na toghcháin ar siúl in 2024. Cuireann an Teachta Ó Cathasaigh ceist an-thábhachtach ós ár gcomhair anocht; is é sin cothromaíocht inscne a bheith an mbord. Beidh sé sin deacair, go deimhin, ach ba chóir dúinn go léir, sna páirtithe éagsúla sa Dáil, ár ndícheall a dhéanamh le déileáil leis an gceist sin agus ceisteanna faoi thaithí na ndaoine a mbeidh mar bhaill de bhord Údaráis na Gaeltachta freisin. Beimid in ann na ceisteanna sin a phlé sa choiste. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-02-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:36+00:00 Sitting date: 2023-02-21