Seachtain na Gaeilge: Ráitis Seanad Éireann — 2023-03-08 ============================================================ Malcolm Byrne (FF), Cultural and Educational Panel Is ceart go ndéanfaimid ár dteanga agus ár gcultúr a cheiliúradh. Léiríodh an scannán is áille i mbliana i nGaeilge, is é sin “An Cailín Ciúin”. Guím gach rath ar fhoireann na scannáin sin sna seachtainí amach romhainn. Rinne an Rialtas cinneadh suntasach maidir le cainéal teilifíse do leanaí a bhunú. Measaim go bhfuil sé seo an-tábhachtach. Ar deireadh, ba mhaith liom moladh a thabhairt do TG4, Raidió na Gaeltachta agus, go háirithe, cuntas Twitter TG4 as ucht na hoibre go léir. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2023-03-08/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:40+00:00 Sitting date: 2023-03-08