Seachtain na Gaeilge: Ráitis Seanad Éireann — 2023-03-08 ============================================================ Joe O'Reilly (FG), Labour Panel Is cúis áthais dom fáilte a fhearadh roimh an Aire Stáit agus mo chomhghairdeas a ghabháil dó as a bheith ainmnithe mar Aire Stáit. Tá sé thar a bheith tábhachtach Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh agus tá sé oiriúnach agus tuilte go mbeadh na ráitis seo againn. Tá saibhreas inár dteanga dhúchais agus is eochair é do mhothúcháin, béaloideas, stair, litríocht agus oidhreacht na tíre. Is é an dualgas is mó atá orainn ná iarracht a dhéanamh Gaeilge a labhairt sa Teach. Bíonn cineál eagla orainn ach níl aon ghá leis sin mar tá cúpla abairt ag gach duine, agus i bhfad níos mó sa cheann nuair a théimid i dtaithí ar an teanga. Tá meas agus spéis faoi leith ag na daoine atá ag labhairt inniu mar chuid den ócáid seo ach caithfimid iarracht laethúil a dhéanamh mar dhea-shampla dár gcomhghleacaithe. Níl rud ar bith níos éifeachtaí ná mic léinn a threorú don fhíor-Ghaeltacht le tréimhse i rith an tsamhraidh. Faigheann siad grá agus meas don cheol, don rince traidisiúnta, don dúlra, don teanga, agus don oidhreacht go ginearálta ann. Tá na Gaelscoileanna an-tábhachtach freisin. Dúirt an tAire Stáit go raibh ríméad air faoin uimhir a ndeachaigh ann an bhliain seo caite ach caithfimid iad a fhorbairt an t-am go léir. Molann Conradh na Gaeilge sna moltaí a sheol an eagraíocht sin chugainn go mbeadh plean straitéiseach eagraithe do thodhchaí na gcoláistí samhraidh. Is fiú é sin a dhéanamh. Caithfimid taighde a dhéanamh ar na dúshláin agus ar na fadhbanna atá ag na coláistí Gaeilge, in éineacht le hachan grúpa atá ag plé le coláistí samhraidh, agus na moltaí a chur i bhfeidhm ansin, ar ndóigh. Molaim don Aire Stáit freisin deontais a chur ar fáil do mhic léinn, go háirithe do na mic léinn nach bhfuil an iomarca airgid acu, chun iad a mhealladh don Ghaeltacht. Tá an mac is óige atá agam san Institiúid Oideachais i Marino agus tá sé an-tábhachtach go mbeadh caighdeán ard teanga labhartha sna coláistí sin. Caithfidh mé stopadh níos luaithe ná mar a bhí i gceist agam chun seans a thabhairt don Aire Stáit dul go dtí an Teach eile le haghaidh vótáil. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2023-03-08/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:40+00:00 Sitting date: 2023-03-08