Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis Dail Éireann — 2023-03-09 ============================================================ Mark Ward (SF), Dublin Mid-West I will go first because Deputy Ó Murchú does not trust himself with the time. Tá mé ríméadach an deis seo a fháil chun labhairt le linn Seachtain na Gaeilge. Níl mé líofa agus ní raibh mo chlann líofa sa Ghaeilge nuair a tógadh mé. Nuair a bhí mé sa bhunscoil agus sa mheánscoil, bhí an Ghaeilge ina rud a bhí le fulaingt gan taitneamh le baint asti. Is ar éigin a d’éirigh liom i scrúdú na hardteiste. Nuair a d’éirigh mé níos sine, d’fhoghlaim mé an luach, an áilleacht agus an dúchas a bhain leis an teanga. Níl mé ag caoineadh faoi na deiseanna caillte sna laethanta scoile mar ní raibh na deiseanna ann. I gcaitheamh na mblianta, rinne mé cúpla cúrsa gairid agus phioc mé suas an cúpla focal. Ceann de na cinntí is fearr a rinne mé ná mo pháistí a sheoladh chuig Gaelscoil. Ní raibh an dara rogha agam ach an cúpla focal a phiocadh suas mar theastaigh uaim a fháil amach cad a bhí á rá ag mo pháistí. Dá bharr, tá mé ábalta comhrá as Gaeilge a thuiscint ach níl mé muiníneach go leor chun páirt a ghlacadh ann. Úsáidim focail Ghaeilge i gcomhráití sa ghnáthshaol mar an teanga is compordaí domsa. Tugaim comhairle do gach éinne cúpla focal as Gaeilge a úsáid go laethúil. Tá doiciméid curtha le chéile ag Sinn Féin ar úsáid na teanga a normalú agus a spreagadh i mbéal an phobail. Tá sé agam anseo inniu agus beart á dhéanamh. It is no surprise that I am not fluent Gaeilgeoir but I do my best. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-03-09/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:41+00:00 Sitting date: 2023-03-09