Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis Dail Éireann — 2023-03-09 ============================================================ Seán Ó Fearghaíl (CC), Kildare South Déanaim comhghairdeas le gach duine a ghlac páirt sna ráitis. Ritheann sé liom go bhfuil i bhfad níos mó Gaeilge in úsáid anois sa Dáil ná mar a bhí cheana féin. Feicimid beagnach gach lá go bhfuil an Ghaeilge á húsáid le linn Ceisteanna ó Cheannairí. Tá ardmholadh tuillte ag an Teachta McDonald mar go n-úsáideann sí an Ghaeilge i gcónaí agus as an traidisiún nua atá tosaithe aici sa Teach. Feicimid anois beagnach gach ceannaire páirtí ag úsáid na Gaeilge gach lá. Is dul chun cinn suntasach é. Cloisfimid anois ón Aire Stáit. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-03-09/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:41+00:00 Sitting date: 2023-03-09