Oideachas trí Ghaeilge Dail Éireann — 2023-03-23 ============================================================ Michael McNamara (IND), Clare Bunaíodh Gaelcholáiste an Chláir mar aonad lán-Ghaeilge taobh istigh de Choláiste Phobail na hInse in 1993. Níl a leithéid de rud agus aonad lán-Ghaeilge ann i ndáiríre. Is aonad í Gaelcholáiste an Chláir atá nasctha le Coláiste Phobail na hInse, an mháthairscoil, faoi phátrúnacht Bhord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir. Tá tosaíocht lán-Ghaeilge in ainm is a bheith ag an aonad agus soláthraíonn sé oideachas iar-bhunscoile trí mheán na Gaeilge a oiread agus is féidir leis taobh istigh de thimpeallacht Bhéarla na máthairscoile. Is í Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg an scoil is mó a sholáthraíonn daltaí do Ghaelcholáiste an Chláir. Ó 2005, tá an Ghaelscoil, an bhunscoil lán-Ghaeilge atá ag an mbaile, tar éis méadú ó 200 dalta go dtí 470 dalta. Freastalaíonn 100 dalta ar naíonraí lán-Ghaeilge gach bliain i líonra na hInse amháin. Seasann an ráta aistrithe ó Ghaelscoil Mhíchíl Cíosóg go dtí an t-aonad ag idir 50% agus 70% sa bhliain. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-03-23/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:43+00:00 Sitting date: 2023-03-23