Oideachas trí Ghaeilge Dail Éireann — 2023-03-23 ============================================================ Norma Foley (FF), Kerry Tuigim na pointí atá á ndéanamh ag an Teachta agus an obair atá ar siúl in Inis chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chaomhnú. Thug mé cuairt ar Ghaelscoil Mhíchíl Cíosóg so tá an obair atá ar siúl ar fud na háite in Inis ar eolas agam. Faoi mar a dúirt mé, táimid ag obair ar pholasaí nua chun aonaid, Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a chur chun cinn agus a neartú. Is é an rud is tábhachtaí ná iad go léir a neartú. Coimeádfaimid ceist Ghaelcholáiste an Chláir faoi athbhreithniú. Is é sin an méid atá le rá agam ag an bpointe seo toisc go bhfuil an polasaí sin á fhorbairt againn. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-03-23/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:43+00:00 Sitting date: 2023-03-23