Oideachas trí Ghaeilge Dail Éireann — 2023-03-23 ============================================================ Michael McNamara (IND), Clare Ní léir go dtuigeann an Roinn Oideachais an méid oibre atá á dhéanamh ag na daltaí agus tuismitheoirí in Inis. I mbeagán focal, is scannal amach agus amach é nach bhfuil freagra faighte ón Roinn ar an iarratas neamhspleáchais a sheol an patrún, Bord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir, chuici breis agus dhá bhliain ó shin. Is náire é go bhfuil pobal Chontae an Chláir fós ag fanacht ar iar-bhunscoil lán-Ghaeilge neamhspleách tar éis 30 bliain. Tá breis agus 20 iar-bhunscoil Bhéarla i gContae an Chláir agus tá géarchéim rollacháin in Inis faoi láthair. Níl a oiread is ceann amháin de na hiar-bhunscoileanna seo lán-Ghaeilge chun freastal ar bhreis agus 600 dalta atá ag freastal ar Ghaelscoileanna tríd an gcontae. Tá deireadh foighne sroichte ag tuismitheoirí agus scoláirí agus iad ag fanacht le gníomh ón Roinn Oideachais. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-03-23/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:43+00:00 Sitting date: 2023-03-23