Oideachas trí Ghaeilge Dail Éireann — 2023-03-23 ============================================================ Norma Foley (FF), Kerry Tuigim féin agus tuigeann an Roinn cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge. Táimid ag déanamh gach iarracht gach tacaíocht a thabhairt chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chaomhnú. Faoi mar a dúirt mé, tuigim féin agus tuigeann an Roinn an méid atá ar siúl in Inis. Tuigim an obair atá ar siúl ag na daltaí, ag na tuistí agus ag foireann na scoile ó thaobh na Gaeilge de. Ag an am céanna, faoi mar a dúirt mé, ag an bpointe seo táimid ag obair ar pholasaí nua ó thaobh neartú agus chur chun cinn na nGaelscoileanna, na n-aonad agus na nGaelcholáistí. Go dtí go bhfuil sé sin críochnaithe, is é sin an méid atá le rá agam. Táim sásta an cheist seo faoi Ghaelcholáiste an Chláir a choimeád faoi athbhreithniú. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-03-23/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:43+00:00 Sitting date: 2023-03-23