Oideachas trí Ghaeilge Dail Éireann — 2023-03-23 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Gabhaim buíochas leis an Aire. Na ceantair atá i gceist agam ná Baile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8. Tá seacht nGaelscoil ann agus beidh 128 nó 129 páiste i rang a sé ag fágáil na scoileanna sin ag deireadh mhí an Mheithimh. Níl spás dóibh siúd in aon Ghaelcholáiste sna ceantair sin - Baile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 - mar níl aon Ghaelcholáiste ann. Níl an Rialtas ag sásamh na cearta oideachais trí Ghaeilge atá ag na leanaí sin ar fad. Sna ceantair timpeall an cheantair sin, níl spás sna Gaelcholáistí. Níl ach trí cinn ann agus fiú dá gcuirfí síneadh leo sin, ní bheadh siad sásúil ná mór go leor chun an t-éileamh atá tuartha nó fiú an t-éileamh atá ann cheana féin a shásamh. Tá an Rialtas ag loiceadh ar chearta daonna agus cearta oideachais páistí oideachas trí Ghaeilge a bheith acu. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-03-23/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:43+00:00 Sitting date: 2023-03-23