Oideachas trí Ghaeilge Dail Éireann — 2023-03-23 ============================================================ Norma Foley (FF), Kerry Tá a fhios agam an obair atá ar siúl san áit seo ó thaobh an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chaomhnú. Ní hamháin sin ach bhuail mé leis na tuistí ón bhfeachtas seo freisin. Mar a dúirt mé, ag an bpointe seo táimid ag obair ar pholasaí nua chun Gaelscoileanna, Gaelcholáistí agus mar sin de a chur chun cinn agus ní hamháin sin ach iad a neartú. Táim sásta go gcoimeádfaimid an cheist seo ó thaobh an Ghaelcholáiste faoi athbhreithniú. Tuigim an scéal agus an méid oibre atá ar siúl ar fud na háite ó thaobh na Gaeilge de. Tuigim na pointí agus an dearcadh atá ag na tuistí agus ag na múinteoirí, foireann na scoile agus na daltaí ó thaobh na Gaeilge de agus ó thaobh Gaelcholáiste a chur chun cinn. Táim sásta an cheist seo a choimeád faoi athbhreithniú. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-03-23/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:43+00:00 Sitting date: 2023-03-23