Oideachas trí Ghaeilge Dail Éireann — 2023-03-23 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central An fhadhb is mó leis an rud a choimeád faoi athbhreithniú ná gach uile bhliain beidh páistí sa cheantar seo nach bhfuil aon bhealach acu teacht ar mheánscolaíocht trí Ghaeilge mar nach bhfuil an Stát tar éis aon phleanáil chuí a dhéanamh. Tá a fhios ag an Stát ó rang a haon nó fiú ó rang na leanaí go bhfuil na páistí seo ag freastal ar scoileanna lán-Gaeilge. Tá a fhios ag an Stát le tamall maith de bhlianta anuas go bhfuil Coláiste Eoin, Coláiste Íosagáin agus Coláiste an Phiarsaigh lán go doras cheana féin agus nach bhfuil aon fháil ar spásanna sna coláistí sin. Tá an Rialtas ag diúltú do na páistí seo spás dóibh leanúint ar aghaidh. Ní chuireann sé sin fiú san áireamh na páistí atá ag freastal ar choláistí Béarla agus atá ag iarraidh casadh ar Ghaelscolaíocht ag an meánleibhéal. Ní fiú tráithnín a rá go bhfuil an rud seo faoi iniúchadh leanúnach. Tá sé sin ráite le 20 nó 30 bliain anuas. Tá sé in am gníomhú anois. Cá bhfuil an Gaelcholáiste atá ag teastáil do na daltaí seo? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-03-23/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:43+00:00 Sitting date: 2023-03-23