Oideachas trí Ghaeilge Dail Éireann — 2023-03-23 ============================================================ Norma Foley (FF), Kerry Faoi mar a dúirt mé, tuigim go bhfuil an feachtas don Ghaelcholáiste san áit seo faoi lánseol. Faoi mar a dúirt mé freisin, bhuail mé leis na tuistí maidir leis an gceist seo agus bhíos sásta é sin a dhéanamh. Mar a dúirt mé freisin, tá gá ag an Roinn polasaí nua a chur chun cinn. Táimid ag obair ag an bpointe seo ar an bpolasaí sin. Tá gach duine ag obair le chéile chun an polasaí sin a chur chun cinn. Is polasaí é ó thaobh na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht de agus go háirithe ó thaobh na Gaelscoileanna agus na Gaelcholáistí de, conas iad a chur chun cinn agus a neartú. An méid atá á rá agam inniu ná go bhfuil mé sásta athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an gceist seo ionas go mbeadh---- --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-03-23/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:43+00:00 Sitting date: 2023-03-23