An tOrd Gnó - Order of Business Dail Éireann — 2023-04-18 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Faraor géar, tá orm ceist an ionaid lae i gcroílár na Gaeltachta, in Áras Mhic Dara, a ardú arís. Tá sé ardaithe agam cheana leis an Taoiseach, leis an Tánaiste, leis an Aire agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Is é croílár na ceiste ná go bhfuil an t-ionad lae seo dúnta le breis agus trí bliana anois, ó aimsir Covid. Is seirbhís bhunúsach í i lár na Gaeltachta. Fuair mé gealltanas ón Taoiseach agus ón Tánaiste go dtiocfaidís ar ais chugam. Fuair mé gealltanas ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go mbeadh sé oscailte ag tús na míosa seo. Faraor, tá sé fós dúnta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-04-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:46+00:00 Sitting date: 2023-04-18