Irish Language Seanad Éireann — 2023-04-18 ============================================================ Seán Kyne (FG), Cultural and Educational Panel Mar a luaigh an tAire Stáit ansin, luaigh an Roinn Oideachais go raibh polasaí nua á fhorbairt ag an Roinn don Ghaeloideachas taobh amuigh den Ghaeltacht faoi láthair. Cuirim fáilte roimhe sin ach, mar sin, cén fáth go bhfuiltear ag déanamh go bhfuil an Roinn Oideachais ag déanamh cinnidh mhóir laghdú a dhéanamh ar an nGaeilge sna bunscoileanna, nuair atá an polasaí nua seo á fhorbairt agus an próiseas comhairliúcháin ag dul ar aghaidh faoi láthair? Ní dhéanann sé sin aon chiall. Ba cheart go mbeadh an cinneadh faoin churaclam nua tugtha mar gheall ar an bpróiseas comhairliúcháin nó i ndiaidh an phróisis comhairliúcháin atá á dhéanamh ag an Roinn faoi láthair. Ní aontaím gurb é seo an cinneadh ceart. Ní thacaíonn sé leis an nGaeilge ar chor ar bith. Tá sé ag dul in aghaidh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2023-04-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:46+00:00 Sitting date: 2023-04-18