Agricultural and Food Supply Chain Bill 2022: Report Stage (Resumed) Dail Éireann — 2023-05-10 ============================================================ Carol Nolan (IND), Laois-Offaly Tugaim tacaíocht don leasú atá os ár gcomhair maidir leis an rialálaí. Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil an Ghaeilge in úsáid, chomh fada is féidir, i ngach Bille nuair a thagann sé os ár gcomhair. Nuair atá deis ann leagan Gaeilge a úsáid ba chóir dúinn an deis sin a thapú. Tugaim mo thacaíocht iomlán d'úsáid leagan Gaelach don rialálaí sa Bhille seo. Tá súil agam go mbeidh níos mó deiseanna againn chun níos mó Gaeilge a chur isteach i mBillí eile chomh maith. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-05-10/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:52+00:00 Sitting date: 2023-05-10