Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2023-05-18 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Gabhaim buíochas leis an Aire. Is dócha, má bhreathnaímid i gcomhthéacs amháin, go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ach i gcomhthéacs eile is é seo an deichiú ceist inniu uaim, mar chuir mé naoi gcinn roimhe seo, chun a fháil amach cén saghas monatóireachta atá i gceist ag Údarás na Gaeltachta agus ardmheas tuillte ag an údarás. Táimse ag díriú isteach ar na cliantchomhlachtaí, na pleananna teanga agus gan mhonatóireacht ar bith á déanamh go dtí seo orthu. De bharr na ndeich gceist atá curtha agam, bhí mé ag súil le plean gnímh ag dul siar mar is é ceann de na freagraí a fuair mé ná go raibh plean gnímh i gceist. Cá bhfuil an plean gnímh sin agus an bhfuil an tuarascáil nó an anailís le foilsiú? An mbeimid in ann í a fheiceáil agus cad é toradh na hoibre atá déanta acu agus neart airgid caite ag comhlachtaí chun an anailís seo a dhéanamh? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-05-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:55+00:00 Sitting date: 2023-05-18