Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2023-05-18 ============================================================ Catherine Martin (GP), Dublin Rathdown Sa chur chuige leasaithe atá curtha i bhfeidhm ag an údarás ó thús 2022, aontaítear pleananna teanga ar bhunús tréimhse trí bliana leis an gcliant. Aontaítear plean teanga bunaithe ar líon aontaithe spriocanna gníomhaíochtaí a bheith bainte amach gach bliain le linn na tréimhse sin agus déantar measúnú agus monatóireacht ar dhul chun cinn na spriocanna go bliantúil. Faoi dheireadh mhí Aibreáin, bhí pleananna teanga nua agus athbhreithniú aontaithe le 29 gcliant ó thús na bliana. Má tá torthaí eile á iarraidh ag an Teachta, beidh mé ag caint le m’oifigigh tar éis na gceisteanna seo agus seolfaidh mé iad siúd chuici. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-05-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:55+00:00 Sitting date: 2023-05-18