Coláistí Samhraidh Dail Éireann — 2023-05-18 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Mar a dúirt mé agus mé ag cur na ceiste, tá aitheantas ann do na hathruithe agus do na nithe atá déanta ag an Roinn go dtí seo - agus ag an Aire í féin - chun déileáil leis an ngéarchéim seo. Is géarchéim atá ann nuair a thagann titim ar líon na dtithe a bhí ar fáil do choláistí samhraidh agus ar líon na mná tí ó 712 go dtí 495 anuraidh. Is titim beagnach 30% é sin. Tá a fhios agam go bhfuil roinnt daoine breise tar éis teacht isteach sa chóras ach tá ganntanas ann fós. Aithnítear gur ghníomhaigh an Roinn ar na moltaí a bhí ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ach tá fadhbanna ann fós agus tá rudaí praiticiúla gur féidir leis an Roinn a dhéanamh. An bhfuil sé i gceist aon athrú eile a dhéanamh nó aon deontas breise a thabhairt isteach sa chóras roimh dheireadh na míosa seo? Tosaíonn na coláistí samhraidh an mhí seo chugainn. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-05-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:55+00:00 Sitting date: 2023-05-18