Coláistí Samhraidh Dail Éireann — 2023-05-18 ============================================================ Catherine Martin (GP), Dublin Rathdown Idir na beartais seo a luaigh mé cheana, meastar go mbeidh suas le 400 leaba breise ar fáil sa chóras i mbliana le hais 2022. Níl aon bheartas breise ar na bacáin faoi láthair ach mar a dúirt mé, bíonn an Roinn i gcónaí ag faire amach chun aon deis a aimsiú chun tuilleadh a dhéanamh do na coláistí samhraidh. Tá iarratais faighte ó 32 teaghlach Gaeltachta go dáta i mbliana. Ar ndóigh, leis an ardú ar uaslíon na scoláirí gur féidir le teaghlaigh cáilithe a choinneáil ar íostas ó 12 go dtí 16, meastar go mbeidh 400 leaba breise sa chóras i mbliana. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-05-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:55+00:00 Sitting date: 2023-05-18