Coláistí Samhraidh Dail Éireann — 2023-05-18 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Agus muid ag pleanáil don todhchaí, caithfidh fás as cuimse teacht ar líon na gcoláistí samhraidh a bheith ann. Caithfimid díriú isteach ar conas is féidir linn i bhfad Éireann níos mó mná tí a bheith ann agus i bhfad níos mó brúnna a bheith sna ceantair ina bhfuil coláistí samhraidh ann, má táimid chun cuidiú le daltaí eile an buntáiste a thagann as dul chuig coláistí samhraidh a fháil. Chomh maith le sin, má táimid chun cuidiú leo siúd atá sa státchóras dul i ngleic leis an nGaeilge i mbealach níos fearr, ba cheart dúinn an sórt córas atá ann ó thaobh na gcoláistí samhraidh a fhorbairt amach anseo. Níl a fhios agam an bhfuil a fhios ag an Aire, ach tá ceist phraiticiúil ann ón uair a tháinig an t-athrú ar líon na scoláirí ó 12 go dtí 16. Tá fadhbanna fós ann toisc nach féidir árachas a fháil don ceathrar breise i roinnt de na tithe ina bhfuil mná tí in ann glacadh le páistí breise. An bhfuil aon rud gur féidir leis an Roinn a dhéanamh chun cuidiú leo siúd nach féidir árachas breise a fháil don ceathrar breise sin? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-05-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:55+00:00 Sitting date: 2023-05-18