Coláistí Samhraidh Dail Éireann — 2023-05-18 ============================================================ Catherine Martin (GP), Dublin Rathdown Má tá fadhbanna ansin, an féidir leis an Teachta an t-eolas sin a sheoladh chugam agus taispeánfaidh mé é do mo chuid oifigigh inniu nó amárach. Mar a dúirt mé, tá liosta de suas le 80 teaghlach atá ag léiriú suime in uaslíon 16 scoláire a bheith acu seolta ag na coláistí Gaeilge ar fud na tíre chuig mo Roinn. Tá oifigigh na Roinne ag déanamh measúnaithe orthu seo agus ag déanamh teagmhála leis na teaghlaigh iúd i láthair na huaire. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-05-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:55+00:00 Sitting date: 2023-05-18