Acht na dTeangacha Oifigiúla Dail Éireann — 2023-07-13 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Go raibh maith agat a Aire. De réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, alt 7, "A luaithe is féidir tar éis aon Acht den Oireachtas a achtú, déanfar an téacs den chéanna a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla." Níl sé sin tarlaithe. In ainneoin an méid atá ráite ag an Aire agus obair na gcapall atá á dhéanamh ag an gcóras aistriúcháin sna Tithe, tá fadhb bhunúsach ann nach bhfuil Achtanna ar fáil i nGaeilge láithreach bonn. Caithfimid déileáil le sin. In ainneoin go bhfuil dul chun cinn déanta, níl muid ag cloí leis an rialú a tháinig ón Ard-Chúirt in 2019 agus tá Achtanna a ritheadh anseo ó shin. In ainneoin na ndeacrachtaí, an bhfuil an tAire sásta go mbeimid ag cloí leis na coinníollacha a leag an Ard-Chúirt ar an Stát na hAchtanna ar fad a bheith ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla roimh an bhliain seo chugainn? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-07-13/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:09+00:00 Sitting date: 2023-07-13