Acht na dTeangacha Oifigiúla Dail Éireann — 2023-07-13 ============================================================ Catherine Martin (GP), Dublin Rathdown Aithním an imní atá ar an Teachta Ó Snodaigh maidir leis an gceist áirithe seo. Tá sé le feiceáil go minic agam go bhfuil Tithe an Oireachtais tiomanta dhá-theangachas a chruthú sna Tithe seo. Mar a dúirt mé cheana, tuigfidh an Teachta gur ghnó é d’Oifig an Choimisinéara Teanga monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an Achta agus nach bhfuil aon ról agam mar Aire ann. Is gnó é chomh maith do chomhlachtaí poiblí iad féin a gcuid dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh. Tuigtear dom go maith gur reachtaíodh Collóiciam an Oireachtais ar Pharlaimintí Dátheangacha le déanaí chun breathnú ar dhea-chleachtais i dtíortha eile a dhéanann tíortha cosúil leis an mBreatain Bheag agus Málta sa chomhthéacs sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-07-13/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:09+00:00 Sitting date: 2023-07-13