Na Meáin Chumarsáide Dail Éireann — 2023-07-13 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West Léiríonn gach rud a bhí le cloisteáil faoi RTÉ le roinnt seachtainí anuas an láimhseáil ainnis agus míchothrom agus an chaimiléireacht fiú a bhí ar siúl in RTÉ. Tá daoine feargach mar gheall air. Braitheann an fhoireann atá thíos leis nach raibh cothrom na féinne á fháil. Tá an-díobháil déanta. Cén plean atá ag an Aire chun athchóiriú a dhéanamh agus chun muinín a atógáil in RTÉ? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-07-13/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:09+00:00 Sitting date: 2023-07-13