Na Meáin Chumarsáide Dail Éireann — 2023-07-13 ============================================================ Catherine Martin (GP), Dublin Rathdown Sílim go bhfuil trí cheist ansin. San am atá agam, déanfaidh mé iarracht iad a fhreagairt. Is maith an scéalaí an aimsir ach creidim gur thóg ard-stiúrthóir nua RTÉ, Kevin Bakhurst, roinnt céimeanna tábhachtacha chun tosaigh. Ina measc seo tá na gníomhartha seo a leanas: ar an gcéad lá, rinne sé an bord feidhmiúcháin a lánscor; agus d’fhógair sé grúpa comhairliúcháin foirne agus suirbhé fostaithe agus go bhfuil athbhreithniú á phleanáil aige ar róil agus gráid, pá agus comhionannas inscne agus tá clár leasaithe á chur i bhfeidhm aige. Gheall sé freisin a chomhoibriú iomlán leis an scrúdú seachtrach agus leis an gcuntasóir fóiréinseach atá á chur ar bun agam. Bhí an-áthas orm a chloisteáil i ráiteas an ard-stiúrthóra nua go bhfuil i gceist aige casadh le Nuacht TG4, Raidió na Gaeltachta agus Nuacht RTÉ gan mhoill. Feicim go leor athruithe agus is tús maith é sin. Ceapadh an cuntasóir fóiréinseach Mazars cheana féin agus tá siad ag bualadh le hoifigigh mo Roinne inniu. Tá an dá choiste saineolaithe i bhfeidhm le haghaidh an athbhreithnithe agus táim ag súil go mbeidh na seirbhísí comhairleacha gairmiúla i bhfeidhm chun tacú leis seo go luath i mí Lúnasa. Táim ag súil leis an tuarascáil dheiridh ó na seanchoistí comhairleacha laistigh de shé mhí ach beidh tuarascálacha eatramhacha ann freisin. Tá rudaí ag bogadh go tapa ach tá sé tábhachtach go ndéanfar iad i gceart agus go gcuirfí réitigh fadtéarmacha i bhfeidhm. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-07-13/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:09+00:00 Sitting date: 2023-07-13