Na Meáin Chumarsáide Dail Éireann — 2023-07-13 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West Ag an am céanna leis na fiosrúcháin faoi chúrsaí airgeadais, an mbeidh fiosrúchán ann mar gheall ar chomhionannas sa tslí ina bhfeidhmíonn an eagraíocht? An leathnófaí é sin amach go dtí Raidió na Gaeltachta, TG4 agus go leor eile? Mar shampla, tá foireann an-bheag ag Raidió na Gaeltachta ag cur clár i láthair agus tá foireann i bhfad níos mó ag RTÉ Radio 1 chun clár comhchosúil a chur ar fáil. Tá sé soiléir nach bhfuil an t-ualach céanna ar gach aon duine. Tá sé tábhachtach go mbeadh comhionannas ann laistigh den eagraíocht. Chomh maith leis sin, gach seachtain ar fud na tíre, bíonn ceadúnais le n-athnuachan ag daoine. Beidh siad ag féachaint ar RTÉ agus ar an mbille sin maidir leis an athnuachan. Cad a déarfaidh RTÉ leo? Conas a mheallfadh an tAire iad chun athnuachan a dhéanamh ar an gceadúnas? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-07-13/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:09+00:00 Sitting date: 2023-07-13