Na Meáin Chumarsáide Dail Éireann — 2023-07-13 ============================================================ Catherine Martin (GP), Dublin Rathdown Mar a dúirt mé cheana, bhí an-áthas orm a chloisteáil i ráiteas an ard-stiúrthóra nua go bhfuil i gceist aige casadh le Nuacht TG4, le Raidió na Gaeltachta agus le Nuacht RTÉ. Sin tús an-mhaith. Leagtar amach go soiléir i gcónaí an tairbhe a eascraíonn ón táille cheadúnais teilifíse a íoc. Cé go dtuigim an fhearg atá ar dhaoine, is é an seasamh atá agamsa ná go mba chóir do dhaoine an táille a íoc. Dliteanas reachtúil é an ceadúnas teilifíse agus tá sé ríthábhachtach chun an tseirbhís craolacháin phoiblí a chosaint mar thairbhe phoiblí atá ar leas an phobail i gcoitinne. Tugaim faoi deara go bhfuil ráite ag an ard-stiúrthóir inniu go spreagfaidh sé daoine leis an táille cheadúnais a íoc ar mhaithe le seirbhís craolacháin phoiblí a chosaint. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-07-13/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:09+00:00 Sitting date: 2023-07-13