Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2023-07-13 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Gabhaim buíochas leis an Aire agus le Teachta Connolly freisin a chuir an cheist seo ar an gcéad dul síos agus a fuair liosta de na foirgneamh fholmha. Is oifigí a bhí i roinnt acu ach bhí roinnt mhonarchana an-mhór ann freisin. Bhí sé cinn de mhonarchana ann breis is 1,000 m cearnógach agus is monarchana suntasacha a bhí ann. Tá roinnt acu siúd folamh ó 2001 agus tá roinnt eile cothrom le dáta. tuigim go mbíonn athrú ag teacht idir chomhlachtaí agus cliaint ag fanacht ach tá an deis ann anois a chinntiú go bhfuil na heastáit tionsclaíochta seo lán go doras. Is léir dom an obair atá á déanamh ag an údarás go bhfuil éacht á dhéanamh acu ag tarraingt comhlachtaí isteach sna ceantair seo ach níor tugadh aon airgead breise caipitil dó anuraidh. Ní féidir díriú isteach ar an obair seo mura bhfuil airgead ag teacht ón gcóras Stáit chun cuidiú leo san athchúrsáil agus an athfheidhmiú atá i gceist. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-07-13/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:09+00:00 Sitting date: 2023-07-13