Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2023-07-13 ============================================================ Catherine Martin (GP), Dublin Rathdown Tá formhór de na foirgnimh seo folamh ón tréimhse idir 2018 go dtí 2023. Tá eisceachtaí ann freisin. Tá foirgnimh ann atá folamh le hos cionn deich mbliana. Ní aon rud neamhghnách é seo mbeadh foirgnimh fholmha ag áisíneacht forbartha acmhainní ar nós Údarás na Gaeltachta le punann maoine comórtas atá ag an údarás. Bíonn comhlachtaí ag teacht agus ag imeacht i gcaitheamh an ama agus go minic bíonn uasghrádú le déanamh ar fhoirgnimh sular féidir iad a chur ar an margadh arís le ligean ar cíos. Ach an oiread is le gach eagraíocht Stáit, bíonn ar an údarás oibriú taobh istigh den bhuiséad a thugtar don eagraíocht agus a chuid infheistíochtaí sa phunann maoine atá ag an eagraíocht a bhainistiú sa chomhthéacs sin. Mar a dúirt mé, tá an maoiniú ag éirí agus fiú amháin leis an maoiniú caipitil is €14.454 milliún a fuair an t-údarás in 2022 agus do 2023 chomh maith. Is méadú 60% é sin ar an allúntas a bhí ar fáil don eagraíocht in 2019 sular ceapadh mise mar Aire --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-07-13/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:09+00:00 Sitting date: 2023-07-13