Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2023-07-13 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Gabhaim buíochas leis an Aire. Mar a dúirt mé, ní raibh aon ardú anuraidh i mbuiséad caipitil an Údaráis na Gaeltachta. Ní raibh airgead breise aige an díriú isteach ar na monarchana folmha. Tuigim go mbíonn athrú ag tarlú. Mar shampla, tá monarcha 2,095 m cearnógacha folamh in eastát an Bhuna Bhig le naoi mbliana anuas. tá ceann eile in eastát Bhun an Churraigh le hocht mbliana anuas agus tá breis is1,639 m cearnógacha ann ach is é an ceann is measa ná an t-eastát i gCasla, áit a bhfuil monarcha atá folamh le 22 bliain. Dar ndóigh caithfidh athnuachan agus infheistiú arís a dhéanamh chun é a bhreith suas cothrom le dáta, agus gach rud eile, agus ní tharlóidh sé sin gan airgead breise an cuidiú leis an údarás san obair atá á déanamh aige agus is léir don domhan leis na Gteic-anna agus na comhlachtaí nua eile atá a mhealladh isteach san áit ag an údarás. Más féidir airgead breise caipitil a bheith ann déanfaidh an t-údarás an obair ba chóir dó a bheith á déanamh aige agus meallfaidh sé fostaíocht isteach sa cheantar. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-07-13/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:09+00:00 Sitting date: 2023-07-13