Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2023-07-13 ============================================================ Catherine Martin (GP), Dublin Rathdown Táthar ag féachaint ar na féidearthachtaí forbartha do chuid de na foirgnimh fholmha atá ag an údarás, ag cur san áireamh na hacmhainní atá ar fáil leis sin a dhéanamh agus an leas gur féidir a bhaint as na foirgnimh. Nuair atá aon chinneadh á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta i dtaobh a chuid maoinithe, bítear airdeallach i gcónaí ar an dualgas maidir leis an leas is fearr a bhaint as an acmhainn airgeadais atá ar fáil ón Státchiste. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-07-13/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:09+00:00 Sitting date: 2023-07-13