Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2023-07-13 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Is buntáiste faoi leith é foirgnimh agus talamh a bheith ag Údarás na Gaeltachta ach is scannal amach is amach é go bhfuil cuid mhaith acu folamh, ag dul siar na blianta go 2001. D'ardaigh mise an cheist seo go mion minic. Tá mé thar a bheith sásta go bhfuil athbhreithniú i gceist ach an rud ata ag teastáil uaim ná spriocdháta ó thaobh na measúnaithe sin ata faoi chaibidil aige. Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, teastaíonn dearbhú maidir le cúrsaí airgid chun a chinntiú go bhfuiltear in úsáid cuí a bhaint as na foirgnimh. Caithfimid scrúdú an bhfuil spás ar na suíomhanna chun iad a úsáid do chúrsaí tithíochta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-07-13/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:09+00:00 Sitting date: 2023-07-13