Oifig an Choimisinéara Teanga Dail Éireann — 2023-07-13 ============================================================ Catherine Martin (GP), Dublin Rathdown Tá ceist simplí agam. Cén uair a bheidh Coimisinéir Teanga nua ceaptha ag an Rialtas? Sin cheist thar a bheith simplí. Tuigim an stair agus chomh tábhachtach is atá ról an choimisinéara. Tháinig sé os comhair Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go mion minic agus rinne sé agus a fhoireann obair na gcapall go leanúnach. Arís, cén uair a bheidh coimisinéir nua ceaptha ag an Rialtas? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-07-13/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:09+00:00 Sitting date: 2023-07-13