Oifig an Choimisinéara Teanga Dail Éireann — 2023-07-13 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Luaigh an tAire gur tosaíodh an próiseas chun duine nua a earcú sa phost ar an 19 Bealtaine. Fógraíodh ar an 17 Eanáir go raibh an Coimisinéir Teanga ag bogadh ón ról a bhí aige chuig an ról eile, an ról tábhachtach atá aige i gCoimisiún na Meán. Cén fáth gur thóg sé ceithre mhí sular tosaíodh an próiseas earcaíochta? Bhí a fhios ag an Aire, fiú sular fógraíodh é, go raibh sé ag bogadh agus go mbeadh gá leis an bhfolúntas a líonadh. Tá ceithre mhí caillte agus fós níl aon dáta againn do Choimisinéir Teanga nua. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-07-13/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:09+00:00 Sitting date: 2023-07-13