Oifig an Choimisinéara Teanga Dail Éireann — 2023-07-13 ============================================================ Catherine Martin (GP), Dublin Rathdown Bíonn céimeanna faoi leith le tógáil i gcónaí i dtaca le próiseas earcaíochta. Bhí curtha in iúl go sonrach cheana féin go dtógfadh an próiseas thart ar trí mhí ó thús go deireadh ach tá sé tugtha le fios ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí go raibh na hagallaimh deiridh le tarlú ar an 12 Iúil agus go mbeadh na torthaí ar eolas faoin lá dár gcionn. Is dea-scéal é gan amhras. Mar a dúirt mé, cuirfear moladh maidir leis an té ata le ceapadh faoi bhráid an Rialtais ar dtús agus ansin cuirfear faoi bhráid Uachtaráin na hÉireann é. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-07-13/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:09+00:00 Sitting date: 2023-07-13